Gach rath ar Liam Ó Rócháin

Liam agus an fhoireann teagaisc, ó chlé: Máire Ní Mhaoleoin, Anna Marie Uí Shé, Liam Ó Rócháin agus Nóirín Ní Chrualaoich.
Related Articles
TIONÓLADH ócáid mhór le déanaí do Liam Ó Rócháin chun a shaol agus a ghairmbeatha mar mhúinteoir agus mar phríomhoide a chomóradh agus a thabhairt chun aitheantais.
Bhí slua breá bailithe le chéile ar an mBuailtín le haghaidh na hócáide sin. Ina measc bhí múinteoirí, iar mhúinteoirí, daltaí agus iardhaltaí, tuismitheoirí, baill de bhord bainistíochta Scoil an Fheirtéaraigh agus pobal na háite. Bhí ar an láthair cheanna mórán dá sheanchairde a tháinig ar thuras fada thar muir agus tir ó Chléire. Chuir daltaí Scoil an Fheirtéaraigh seó iontach draíochtúil taibhsiúil ar fáil i Séipeal Naomh Uinseann ar an mBuailtín mar chuid den cheiliúradh.
Thosnaigh Liam amach mar oide óg scoile in aois a naoi mbliana déag ag múineadh i Scoil Inis Cléire marar chaith sé dhá bhliain deag dá shaol múinteoireachta. Ina theannta san dhein sé obair fhiúntach go deonach don phobal ansúd chomh maith mar chaith sé an tréimhse céanna blianta mar rúnaí ar Chomharcumann Chléire.
Fostaíodh é mar phríomhoide i Scoil Bhaile an Fheirtéaraigh sa bhliain 1978 agus d'fhan sé linn riamh ó shin anuas go dti an bhliain 2009. Caithfeadh a rá go bhfuil sé chomh breá óg scafánta, comh hanamúil agus chomh deamheabhrach d'fear inniu agus a bhi sé an chéad lá theacht ar an mBuailtín do.
Is mór iad na hathraithe ata tagaithe ar an gceantar seo maidir leis an dtimpeallacht, slite beatha, cúrsaí oideachais agus go mór mhór maidir leis an nGaelainn ó thosnaigh Liam ag múineadh anseo. Do dhein Liam sárobair ar son ár dteanga agus ár n-oidhreach shaibhir ghaeltachta.
Bhí dúil mhór riamh ag Liam i gcúrsaí caide agus chaith sé furmhór dá chuid ama lasmuigh d'am scoile ag cur traenáil agus oiliúint i scileanna caide ar dhaoine óga. Chaith se leothu go dúthrachtach diograiseach ag tabhairt spreagadh agus uchtach dóibh. Bhí sé i gcónai páirteach in imeachtaí Chumann Caide na Gaeltachta agus chaith se treimhsí mar chathaoirleacht ar an gcumann san.
Ar an oíche chéanna fáiltíodh roimis an bpríomhoide nua ar Scoil an Fheirtéaraigh atá tagaithe i gcomharbacht ar Liam. Sin i Máirín Úí Chonchúir ó Chamus i gConamara agus a mhaireann i mBaile Chnocáin, Paróiste Múrach lena fearcéile, Páidí Ó Conchúir. Chaith sí tréimhse ag múineadh i nGaelscoil Léim an Bhradáin agus ansan mar chomhairleoir curriculum. Ba chóir duinne mar dhaoine agus mar phobal cabhrú agus tacú lei ins gach slí chun a dualgaisí agus a dúshláin teangan, cúltúir agus oideachas a chomhlíonadh.
Gúim gach rath uirthi féin, ar an bhfoireann scoile, ar na daltaí, ar an mbord bainistíochta agus comhluadar uile ár scoile.
Gúim gach rath ar Liam Ó Rócháin, ar a bheancéile, Nóirín agus ar a n-iníon Helena sa tsaol nua atá rompu amach, saol a bheidh taitneamhach tairbheadh. Go raibh sláinte agus saol suairc agus go raibh gach éinne a bhaineas leothu buan beo.
- – Domhnal Mac a tSíthigh