LETTER: Tuilleadh Ghaeileann ag taisteál
Related Articles
A hEagarthóir Uasal, Táim ag scríobh chugatsa fén tábhar dár dteanga dúchasach, Gaeilge ( nó Gaelinn mar atá tugtha uirthi i gCiarraí).
Thugas fé deara nach bhfuil a lán Gaelinn á foilsiú i do nuachtáin, go háirithe sna h-áltanna'West Kerry' ag Ted Creedon.
Tá a fhios agam go léir go bhfuil roinnt colúin as Gaelinn sna áltanna ' West Kerry' agus sna 'Litreacha go dtí an Eagarthóir'. Ach, sa deireadh lae, nach mór an trua go dtarlaíonn sé seo uaireannta amhain. Cuireann sé sin díoma orm agus ar mo chine féin.
Canataobh nach bhfuil sibhse in ann níos mó colúin a fhoilsiú as Gaelinn? Nach d'iarrfá-sa ar duine/daoine éigin as Corca Dhuibhne nó Uíbh Rátach nó as na gceantair máguaird (lasmuigh na gaeltacht, dála an scéil) chun áltanna a scríobh as Gaelinn duitsa?
Ós contae gaeltacht í Ciarraí, caithfimid an pháirt sin denár ndúchas a spreagadh níos laidre ná riamh sara gcaillfidh daoine suim inti ar fad.'Sé ár ndualgas a chosaint an teanga seo, cé acu a spreagann muide (nó sinne) í trís na méancumarsáid nó á labhairt lena cheile.
Fén t-am seo, tacaigh an dúchas na gcontae a chuireann chun cinn do chuid nuachtáin le do thoil. B'fheidir, ba choir duit iris beag a chur sa Kerryman (as Gaelinn ar ndóigh) ar nós Foinse. Ní gá duit é a dheineamh ró-mhór, cúpla leathanaigh, sin an méid. Bead sásta leis sin. B'fheidir go dtabhairfeá ' Ríocht' uirthi.
Ná deinigí dearmad - 'Sé do theanga í, Usáid í.
Ó Thuiadh Chiarraí. Is mise le meas. Séamas O'Conaill, Lixnaw, Co. Kerry